Bóthar na dTaibhsí

Taistilím bóthar na dtaibhsí.
Dá dtógfá an mótarbhealach,
Shroichfeá an baile níos luaithe.

Taistilím bóthar na dtaibhsí.
Dá gcasfá anseo…
An rud a deir tú, tá sé loighciúil.
Is fear cliste tú.
Ceapann tú nach bhfásann fréamhacha
Ach faoin chré tuatha,
Ach tarraingíonn bóthar na dtaibhsí mé
Mar sreang an imleacáin.

Tá an tslí eile níos giorra.
Tá tú ag cur ama amú.

Ach dáiríre tá mé sa bhaile cheana féin,
Ar bhóthar na dtaibhsí:
An teach bán sin ar chlé,
Tá taibhse mo sheanmháthar istigh ann,
Agus an foirgneamh taobh thiar dúinn,
A bhí ina shéipéal tráth,
Pósadh mo thuismitheoirí ansin,
Agus bhí siad ina gcónaí sa teach os ár gcomhair,
An áit inar gabhadh mise
Ar bhóthar na dtaibhsí.

Tá lána ar dheis
A chuir deireadh le mo shoineantacht,
Agus boladh a mhaireann ann
De ghaolta neamh-bheo.

Agus ag an gcrosbhóthar thall
Chaoch an Winking Willie a shúil
I bhfuinneog sheomra codlata m’uncail
Agus é ag casadh tóna noichte
Ar chomharsana caidéiseacha.

Tá brón orm as tú a mhoilliú,
A chara faoi dheifir,
Ach cad tá le sonrú
Ar an mótarbhealach nua?
Níl ann ach uaigh tarmac
Ag síneadh i gcéin.

(published in An Gael (USA), Geimhreadh, 2009)

Return to the Poetry page.